Weblate a shaincheapadh

Síneadh agus a shaincheapadh ag baint úsáide as Django agus Python. Déan do chuid athruithe in aghaidh an tsrutha ionas gur féidir le gach duine leas a bhaint as. Laghdaíonn sé seo do chostais chothabhála; déantar cúram de chód in Weblate agus comhéadain inmheánacha á athrú nó nuair a dhéantar an cód a athfhachtóiriú.

Hint

Is féidir leat cuma Weblate a shaincheapadh freisin i Saincheapadh cuma.

Warning

Ní mheastar gur API cobhsaí iad comhéadain inmheánacha ná teimpléid. Athbhreithnigh do shaincheapadh le haghaidh gach uasghrádaithe, seans go n-athróidh na comhéadain nó a shéimeantaic gan fógra.

Modúl Python a chruthú

Mura bhfuil tú eolach ar Python, b'fhéidir gur mhaith leat breathnú ar Python For Beginners, ag míniú na bunghnéithe agus ag díriú ar ranganna teagaisc eile.

Chun comhad a scríobh le cód saincheaptha Python (ar a dtugtar modúl), teastaíonn áit chun é a stóráil, i gcosán an chórais (de ghnáth rud éigin cosúi /usr/lib/python3.12/site-packages/) nó san eolaire Weblate, a chuirtear leis an gcosán cuardaigh ateangaire freisin.

Hint

Nuair a using Docker, is féidir leat modúil Python a chur i /app/data/python/ (féach Toirteanna coimeádán docker), ionas gur féidir iad a luchtú le Clár Gréasáin, mar shampla ó settings override file.

Níos fearr fós, déan do shaincheapadh i bpacáiste ceart Python:

  1. Cruthaigh fillteán do phacáiste (úsáidfimid weblate_customization).

  2. Laistigh de, cruthaigh comhad setup.py chun cur síos a dhéanamh ar an bpacáiste:

    from setuptools import setup
    
    setup(
        name="weblate_customization",
        version="0.0.1",
        author="Your name",
        author_email="yourname@example.com",
        description="Sample Custom check for Weblate.",
        license="GPLv3+",
        keywords="Weblate check example",
        packages=["weblate_customization"],
    )
    
  3. Cruthaigh fillteán don mhodúl Python (ar a dtugtar freisin weblate_customization) don chód saincheaptha.

  4. Laistigh de, cruthaigh comhad a __init__.py chun a chinntiú gur féidir le Python an modúl a iompórtáil.

  5. Is féidir an pacáiste seo a shuiteáil anois ag baint úsáide as pip install -e. Tuilleadh eolais le fáil in Editable installs.

  6. Nuair a bheidh sé suiteáilte, is féidir an modúl a úsáid i gcumraíocht Weblate (mar shampla weblate_customization.checks.FooCheck).

Ba cheart go mbeadh cuma mar seo ar do struchtúr pacáiste:

weblate_customization
├── setup.py
└── weblate_customization
    ├── __init__.py
    ├── addons.py
    └── checks.py

Is féidir leat sampla de shaincheapadh Weblate a fháil ag <https://github.com/WeblateOrg/customize-example>, clúdaíonn sé na hábhair go léir a gcuirtear síos orthu thíos.

Seiceálacha cáilíochta saincheaptha, breiseáin agus deisiúcháin uathoibríoch

Chun do chód a shuiteáil le haghaidh Ceartúcháin uathoibríocha saincheaptha, Ag scríobh seiceanna féinBreiseán scríofa i Weblate:

  1. Cuir na comhaid isteach i do mhodúl Python ina bhfuil an saincheapadh Weblate (féach Modúl Python a chruthú).

  2. Cuir a chosán láncháilithe leis an rang Python sna socruithe tiomnaithe (WEBLATE_ADDONS, CHECK_LISTAUTOFIX_LIST):

# Checks
CHECK_LIST += ("weblate_customization.checks.FooCheck",)

# Autofixes
AUTOFIX_LIST += ("weblate_customization.autofix.FooFixer",)

# Add-ons
WEBLATE_ADDONS += ("weblate_customization.addons.ExamplePreAddon",)