Slándáil agus príobháideacht¶
Tip
Ag Weblate, coinníonn an tslándáil timpeallacht a chuireann luach ar phríobháideachas ár n-úsáideoirí.
Cloíonn Forbairt Weblate leis na Chleachtais is Fearr de Thionscnamh Croí-Bhonneagar an Fhorais Linux.
See also
Fuair tú saincheist slándála i Weblate? Léigh le do thoi Ceisteanna slándála a thuairisciú.
Nuashonruithe slándála¶
Níl ach an eisiúint is déanaí ráthaithe go bhfaighidh tú nuashonruithe slándála.
Rianú spleáchais le haghaidh leochaileachtaí¶
Déantar monatóireacht ar shaincheisteanna slándála inár spleáchais trí úsáid a bhaint as Renovate. Clúdaíonn sé seo na leabharlanna Python agus JavaScript, agus tá a spleáchais nuashonraithe ag an scaoileadh cobhsaí is déanaí chun leochaileachtaí a sheachaint.
Hint
D’fhéadfadh go mbeadh leochaileachtaí i leabharlanna tríú páirtí nach gcuireann isteach ar Weblate, mar sin ní thugtar aghaidh orthu sin trí leaganacha fabhtcheartaithe de Weblate a scaoileadh.
Slándála coimeádán docker¶
Déantar na coimeádáin Docker a scanadh go rialta ag baint úsáide as scanóirí slándála Anchore agus Trivy.
Ligeann sé seo dúinn leochaileachtaí a bhrath go luath agus feabhsuithe a scaoileadh go tapa.
Is féidir leat torthaí na scananna seo a fháil ag GitHub - déantar iad a stóráil mar artifacts ar ár CI mar SARIF.
See also